Stiúrthóirí á lorg – Gearrscannáin Ghaeilge
- May 27
- 2 min read

Tá an-áthas ar Red Shoe Productions, i gcomhar le Screen Waterford agus TG4, deis iontach nua a fhógairt do stiúrthóirí úra agus seanbhunaithe araon, le sraith gearrscannáin nuálaíocha a chruthú a bheidh dírithe ar ealaín agus cultúr na hÉireann.
Tá guthanna misniúla, úra, á lorg againn chun gearrscannáin a fhorbairt as Gaeilge go príomha (le solúbacht áirithe i gcásanna eisceachtúla). Beidh na scannáin a roghnaítear san áireamh mar chuid de shraith nua ealaíne agus cultúir i sceideal TG4. Scannáin gan script a bheidh iontu, le stiúriú úr, comhaimseartha, a dhéanfaidh próifíliú ar ghuthanna nua agus ar ealaíontóirí nach bhfacthas go fóill i ngach réimse de na healaíona cruthaitheacha in Éirinn.
Deis ar leith é seo duit do ghuth mar stiúrthóir a fhorbairt, saothair úra a léiriú i bpáirt le foireann ghairmiúil léiriúcháin, agus scéalta comhaimseartha a insint trí Ghaeilge le haghaidh lucht féachana náisiúnta.
Gheobhaidh na Stiúrthóirí a roghnaítar:
· Táille measartha Stiúrthóra
· Tacaíocht inmheánach eagarthóireachta
· Fáil ar fhoireann oillte léiriúcháin
· Máistir-ranganna le stiúrthóir aitheanta
· Taispeáint ar TG4 mar chuid den sraith nua ealaíne agus cultúir
Ábhar riachtanach don iarratas:
· Ar a laghad trí bhunsmaoineamh úr le haghaidh na gearrscannáin, iad spreagtha ag ealaín agus cultúr na hÉireann
· Ráiteas a thugann cur síos ar do fhís chruthaitheach, an méid a spreagann tú agus an cur chuige físiúil a shamhlaíonn tú do na saothair
· Beatháisnéis ghearr
Riachtanais cáilitheachta:
Ní mór do iarrathóirí a bheith tar éis ar a lahad dhá ghearrscannán a stiúrú agus samplaí dá gcuid saothair a chur ar fáil.
Chun iarratas a sheoladh isteach, seol r-phost chuig development@redshoe.ie leis an teideal seo mar ábhar:
IARRATAS EALAÍN BHEO
Spriocdháta don iarratas:
Dé Céadaoin 10 Meitheamh 5.00i.n.
_____________________________________________________________________________________

Red Shoe Productions, in association with Screen Waterford and TG4, are delighted to announce an exciting opportunity for new and established Directors to create a series of innovative Irish-language short films focused on arts and culture.
We are looking for bold, fresh voices to develop short films primarily in Irish (with some flexibility in exceptional cases). The films selected will be included as part of a new arts and culture series in TG4’s schedule. They will be unscripted films, with fresh, contemporary direction, that will profile new voices and previously unseen artists across all areas of the creative arts in Ireland.
This is a unique opportunity to develop your voice as a Director, produce works in partnership with a professional production team, and tell contemporary stories through Irish for a national audience.
Selected Directors will receive:
• A modest Directors fee
• In-house editorial support
• Access to experienced production staff
• Masterclasses with an acclaimed Director
• National broadcast on TG4 as part of a new arts and culture series
Required application materials:
• At least three original ideas inspired by Irish art and culture for the short films
• A statement outlining your creative vision, what inspires you and the visual approach you envision for the works
• A short biography
Eligibility:
Applicants must have directed at least two short films and provide examples of their work.
To apply please email development@redshoe.ie with the subject:
EALAÍN BHEO APPLICATION
Deadline for application:
Wednesday 10 June 5pm





















Comments