VOICES OF IRELAND
SKY ARTS, 2021
WINNER
SPECIALIST FACTUAL
RTS IRELAND TELEVISION AWARDS 2022
Is sraith ceoil agus litríochta dhá-pháirt é Voices of Ireland ina dtugann Imelda May ar chamchuairt muid timpeall láithreacha liteartha stairiúla an oileáin. Breathnaíonn sí ar na saothair ag cuid de na filí, údair fínscéil agus drámadóirí is iomráití dá raibh riamh againn in Éirinn agus tugann ealaíontóirí agus ceoltóirí ár linne féin chun beatha na saothair seo ina teannta, i múnla úrnua.
Ag tabhairt ómóis don litríocht, don tírdhreach agus don cheol atá tar éis cultúr na hÉireann a mhúnlú, tugann an tsraith seo ar chamchuairt sinn mórthimpeall oileán na hÉireann. Casann Imelda le cuid de na healaíontóirí, amhránaithe, ceoltóirí, filí focal, aisteoirí agus scríbhneoirí cruthaitheacha comhaimseartha is clúití dá bhfuil in Éirinn. Ina gcomhluadar siúd, déantar athchruthú agus athsmaoineamh ar shaothair móra le Yeats, Beckett, Wilde, Kavanagh agus níos mó, le míreanna anamúla, múnlaithe agus léirithe go speisialta le haghaidh lucht féachana úrnua comhaimseartha.
Caitear seal le taibhsí liteartha ón am fadó, le saothair móra á n-aithris ag leithéidí Stephen Rea, aisteoir a fuair ainmniúchán Oscar, Colm Toíbín, údar a fuair ainmniúchán duais Booker agus Emmet Kirwan. Casann Imelda le cuid dá comh-cheoltóirí féin freisin, mar an buaiteoir Grammy Moya Brennan, Sharon Shannon, Loah, agus Pillow Queens, le sraith mion-mhíreanna taitneamhacha ceoil a chruthú a fheicimid idir eatarthu.
Imelda May explores the works of some of Ireland’s most famous writers - recreated and reimagined by today’s artists and performers - on a breathtaking tour of the island’s iconic literary landscapes. Voices of Ireland is a two-part music and literary series that explores the works of some of Ireland’s most famous novelists, poets and playwrights.
Paying homage to the literature, scenery and music that has shaped Irish culture, the series takes us on a tour of the island of Ireland, where Imelda is joined by Ireland’s most illustrious, contemporary creatives; singers, musicians, spoken word poets, actors and writers. In their company, the great works of Yeats, Beckett, Wilde, Kavanagh and others are recreated and reimagined for a new audience through a series of intimate and bespoke performances.
As well as revisiting the literary ghosts of our past with recitations from Oscar-nominated actor Stephen Rea, Booker-prize nominated author Colm Toíbín and Emmet Kirwan, Imelda meets fellow musicians, such as Grammy-nominated Moya Brennan, Sharon Shannon, Loah, and Pillow Queens for a series of intimate performances and entertaining musical interludes.