top of page

CEOL LE CHÉILE

RTÉ, 2026
Ep 2 Collab - Muintir Uí Mhaolagáin & Favour Odusola.jpg

Sa tsraith nua seo, cruthaítear ceangal idir cheoltóirí Éireannacha aitheanta agus ceoltóirí ó nua phobal na hÉireann agus an ceol traidisiúnta mar uirlis chun comhrá a thosnú eatarthu. Tagann fuaimeanna nua as na comhcheangail seo - níl ceangal ar bith níos láidre ná ceangal an cheoil chun an pobal nua seo a chur ar a suaimhneas agus iad ag cur fréamhacha síos in Éirinn.

 

Le linn na sraithe, beidh ceoltóirí mór le rá ar nós Liam Ó Maonlaí, Aoife Ní Bhriain, Muintir de Barra, Muintir Uí Mhaolagáin and Jack Talty ag nascadh le ceoltóirí agus amhránaithe; Favour Odusola, Pooja Sethi Khanna, Citadel, and Anna Stepanova, a thagann ó thíortha éagsúla; an Nigéir, an India, an tSiria, an Asarbaiseáin agus an Úcráin san áireamh. Le chéile, cruthaíonn siad saothair nua ceoil a tharraingíonn ar cheol traidisiúnta, amhráin & rince sean-nóis, ceol na hIndia agus cnagcheol domhanda. Léireoidh na saothair chruthaitheacha seo cumhacht an cheoil mar nasc idir phobail agus cultúir éagsúla.

 

Beidh na ceoltóirí ag nascadh sa Cobblestone i mBaile Átha Cliath, i gCaifé Dhámh Chruinne Cheoil na hÉireann i gColáiste Luimnigh, roimh léiriú den chéad scoth a chur os ár gcomhair i gCaisleán álainn Lios Mór i bPort Láirge. Beidh an lucht féachana faoi threoir Neil Martin, ceoltóir agus cumadóir ceoil ó Bhéal Feirste a chuireann béim ar an gceol mar ghléas chun saibhreas ár gcosúlachtaí cultúrtha a nochtadh.

​

Le scéalta íogaire agus pearsanta, déanfaidh an tsraith seo iniúchadh ar imirce agus féiniúlacht, chomh maith leis an maitheas a dhéanann an ceol don saol ag daoine agus iad ag cur fúthu i dtír nua. An ceol ag daoine go bhfuil éisteacht uathu go géar.
 

​​

​​

In a timely and inspiring new four-part series, established Irish musicians will collaborate with people from diverse backgrounds using traditional music to explore and amplify the multicultural voices of Ireland today. Across intimate sessions and soul-stirring performances, new sounds emerge using music as a shared language to build connections and make people feel at home.

 

Throughout the series, acclaimed artists including Liam Ó Maonlaí, Aoife Ní Bhriain, Jack Talty, Muintir de Barra, and Muintir Uí Mhaolagáin are joined by musicians and performers Favour Odusola, Pooja Sethi Khanna, Citadel, and Anna Stepanova, whose roots span countries including Nigeria, India, Syria, Azerbaijan and Ukraine. Together, they create new work that draws on Irish traditional music, sean-nós song and dance, Indian music, and global percussion. These creative and moving experiments will stunningly showcase the power of music in connecting people across different cultures.

 

Collaborations unfold in welcoming locations including The Cobblestone in Dublin, and the Irish World Music Cafe at the University of Limerick, before building towards visually striking showcase performances at Lismore Castle in Waterford. Along the way, audiences will be guided by Belfast composer and musician Neil Martin, who emphasises music as a powerful tool in uncovering the great richness of our cultural similarities.

 

With sensitive and personal stories this series will gently explore migration and identity, while highlighting how important music is for people’s wellbeing and social inclusion in a new country. Music of people who need to be heard.

GAILEARAÍ ÍOMHÁ
IMAGE GALLERY

© 2019 Red Shoe Productions | Baile na nGall Mór, An Rinn, Dún Garbhán, Co. Port Láirge, X35 FC24 | +353 (0)58 46788 | Ireland  

Website Design by Clara Dudley
  • YouTube
  • Vimeo
  • Twitter
  • Facebook
  • Instagram
bottom of page