top of page

BLÁTH NA HAOISE

TG4, 2023

Clár faisnéise pearsanta é seo a cheiliúrann an saol ag daoine aosta in Ionad Cúraim Lae na nDéise i nDún Garbhán. Rinneadh an scannánú thar tréimhse cúig bliana agus é mar aidhm ag an gclár spiorad an phobail a thaispeáint chomh maith leis na dúshláin atá roimh ghlúin chríonna na hÉireann sa 21ú aois. Scrúdaíonn an Clár seo téamaí doimhne mar an beatha, an bás agus eagla roimhe, chomh maith le téamaí níos taitneamhaí mar an rince, péinteáil agus gruaigeadóireacht.
 

Déanann an Déiseach dílis, Carrie Crowley, tráchtaireacht ar an gclár dhátheangach seo agus tá ceol úr cumtha ag Mark Murphy dó. Áis shóisialta ar leith atá in Ionad Cúraim Lae na nDéise do dhaoine aosta an cheantair. Bíonn sé ar oscailt cúig lá sa tseachtain agus é á bhainistiú go dúthrachtach, díograiseach ag Margaret Coffey agus an fhoireann dheonach atá aici. Sa scannán seo, castar a lán carachtair orainn agus cloisimid a scéalta saoil, á n-insint don chéad uair. Faraor, cailleadh cuid de na carachtair sular craoladh an Clár, ach táid linn go deo mar dhlúthchuid den scéal ar scáileán. B’éigean stad a chur leis an scannánaíocht ar feadh dhá bhliain le linn Covid, agus bhí dúshláin eile fós le sárú ag an léiriúchán, ach níor chailleamar riamh an misneach. Taispeánann an scannán seo mar a thacaíonn an fhoireann go fial le baill an Ionaid, agus léirítear an grá croí atá eatarthu go léir.

 

Léiríodh Bláth na hAoise / Age Is A Work of Art i gcomhar le TG4, Coimisiún na Meán, An Oifig Ealaíne - Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge, Creative Ireland, agus Ionad Cúraim Lae na nDéise.

 

An intimate documentary celebrating the lives of older people at the Deise Day Centre in Dungarvan. Filmed over a five-year period, the film aims to showcase the community spirit and the challenges for older people in Ireland in the 21st century. With candid footage, the film explores deep themes of life, death, and fear of aging, alongside uplifting adventures such dancing, painting and hairstyling.
 

The bilingual film is narrated by Waterford’s Carrie Crowley, and has an original music score by Mark Murphy. The Deise Day Centre is a unique social outlet for older people, open five days a week, managed by the passionate and dedicated Margaret Coffey and her team of volunteers. In the film, we meet many characters to hear their compelling and untold stories, some of whom we have since lost, but remain an integral part of the film. With filming paused for over two years during Covid, the project had challenges to overcome, but hope was never lost. The film reveals the determination and love of the team for the members, and its reciprocation.

 

Bláth na hAoise / Age Is A Work of Art was produced in association with TG4, Coimisiún na Meán, The Arts Office - Waterford City & County, Creative Ireland, and the Deise Day Centre.

GAILEARAÍ ÍOMHÁ
IMAGE GALLERY

bottom of page